Pleananna Eanach

Pleananna Eanach

Tá Pleananna Athchóirithe Eanach á bhforbairt do tríocha a sé láithreán ar leith faoi chonradh na cuideachta comhshaoil, Arup, trí Scéim Athchóirithe Bogach Lár na Tíre Tóchar. Leagtar amach sna pleananna moltaí d’athchóiriú na n-eanach agus na gnáthóige bogaigh gaolmhara sna láithreáin éagsúla ar fud lár na tíre. Aithnítear sna pleananna bearta athchóirithe atá indéanta go teicniúil do chriosanna éagsúla de gach láithreán. Tá na pleananna críochnaithe ar fáil lena n-athbhreithniú nó lena n-íoslódáil thíos

Nuair atá bearta athchóirithe le déanamh ar a gcuid talún, tá úinéirí talún incháilithe chun íocaíochtaí dreasachta de €1450 suas go €15,000 san iomlán agus íosmhéid de €750 a fháil. Agus pleananna láithreáin á gceadú, eiseofar litir agus beart faisnéise do na húinéirí talún uile a bhfuil bearta athchóirithe aitheanta ar a gcuid tailte. Má tá do thalamh san áireamh sna limistéir d’athchóiriú ach mura bhfuil aon chomhfhreagras faighte agat, seol ríomhphost chuig tocharwetlands@npws.gov.ie nó cur glaoch ar 01 539 3160. Má tá soiléiriú nó tuilleadh eolais ag teastáil uait déan teagmháil linn nó féach ar an leathanach do CCanna

Déantar dul isteach ar an scéim athchóirithe eanach seo ar bhonn deonach agus níor chóir go gcuirfeadh sé sin cosc ar dhul isteach ar scéimeanna eile, toisc go mbaineann an scéim seo le gníomhaíochtaí ar leith thar thréimhse ghearr.

Scroll to Top