Fáilte chuig Tóchar, tionscadal athchóirithe bogaigh spreagúil atá lonnaithe i lár tíre na hÉireann agus sna contaetha thart timpeall air.
Tá sé d’aidhm ag Tóchar, trí bheart 2.1 de Chlár an AE um Aistriú Cóir in Éirinn a chur chun feidhme, bogaigh dhíghrádaithe a athchóiriú, i gcomhthéacs aistriú cóir agus i dtreo neodracht carbóin. Is cuid d’aistriú sóisialta é athchóiriú an dúlra ina mbíonn athchóiriú an tírdhreacha agus athchóiriú an phobail agus ár gcaidrimh leis an dúlra fite fuaite ina chéile.
Roghnaíodh Tóchar mar ainm an tionscadail chun an bealach ar aistear an aistrithe chóir a léiriú agus chun cur i gcuimhne dúinn gur bhain na glúnta a tháinig romhainn úsáid as na portaigh agus na bogaigh in iliomad slite agus go raibh a lán taithí acu orthu. Is cosán é tóchar trí phortach nó bhogach, agus aimsíodh na céadta díobh domhain sa mhóin i lár na tíre. Bhí cuid díobh déanta as dair throm, a iompraíodh achar fada, agus bhí cuid eile díobh déanta as speicis chrainn eile agus uaireanta as leaca.