



Fáilte chuig Tóchar,
tionscadal athchóirithe bogaigh spreagúil
atá lonnaithe i lár tíre na
hÉireann agus sna contaetha
thart timpeall air.
Tá sé d’aidhm ag Tóchar, trí bheart 2.1 de Chlár an AE um Aistriú Cóir in Éirinn a chur chun feidhme, bogaigh dhíghrádaithe a athchóiriú, i gcomhthéacs aistriú cóir agus i dtreo neodracht carbóin. Is cuid d’aistriú sóisialta é athchóiriú an dúlra ina mbíonn athchóiriú an tírdhreacha agus athchóiriú an phobail agus ár gcaidrimh leis an dúlra fite fuaite ina chéile.
Tá athchóiriú an dúlra mar chuid d’aistriú sóisialta
Roghnaíodh Tóchar mar ainm an tionscadail chun an bealach ar aistear an aistrithe chóir a léiriú agus chun cur i gcuimhne dúinn gur bhain na glúnta a tháinig romhainn úsáid as na portaigh agus na bogaigh in iliomad slite agus go raibh a lán taithí acu orthu. Is cosán é tóchar trí phortach nó bhogach, agus aimsíodh na céadta díobh domhain sa mhóin i lár na tíre. Bhí cuid díobh déanta as dair throm, a iompraíodh achar fada, agus bhí cuid eile díobh déanta as speicis chrainn eile agus uaireanta as leaca.
| Contae | Ceantair bhardasacha a chumhdaítear |
|---|---|
| Laois | Uile |
| An Iarmhí | Uile |
| Uíbh Fhailí | Uile |
| An Longfort | Uile |
| Ros Comáin | Uile |
| Gaillimh | Béal Átha na Sluaighe |
| Tiobraid Árann | Carrick on Suir Thurles |
| Cill Dara | Baile Átha Í Claonadh – Maigh Nuad |
27th July 2026
By Helen Shaw, Tóchar Stories There is something about wandering down a field in a flourishing bog and suddenly happening upon
24th July 2026
By Helen Shaw If part of our work in Tóchar Stories is about mapping people’s changing relationship with the bogland then
20th July 2026
Bord na Móna Boora, Offaly workers reunite on the company’s 80th birthday – Helen Shaw – Tóchar Stories It all started
Partners & Funders



